Now Reading
New Gaelic music series for Connemara to feature Brìghde Chaimbeul and more

New Gaelic music series for Connemara to feature Brìghde Chaimbeul and more

Avatar
Brighde Chaimbeul by Camille Lemoine.

A series of music events featuring music of Gaelic origin (Scottish and Irish) will take place in Inveran, Co. Galway, hosted by Gliogar.

Two events take place at Seanscoil Sailearna in the town near Spiddal so far, and Scottish piper Brìghde Chaimbeul is among them.

April 28th
Cuar (directed by Neil Ó Lochlainn) and Muireann Ní Shé.

May 2nd
Brìghde Chaimbeul and Seamus Hyland will be playing at the Seanscoil.

Doors will open at 7:30 pm with music starting at 8 pm. Tickets are available through gliogar.ie.

On the artists:

Brìghde Chaimbeul is a Scottish musician and piper from Isle of Skye in Scotland. Her music is rooted in Gaelic tradition and she has collaborated with Colin Stetson, Caroline Polachek, Aidan O’Rourke, Radie Peat (Lankum), Gruff Rhys and Cormac Begley among otherd.

Seamus Hyland, a musician, dancer, and singer from County Waterford, now based in Dublin. After being a member of the group The Mary Wallopers for two years, he is now focusing on his own music. He collaborates with artists such as John Francis Flynn, Isadora Epstein (theater), Acid Granny, and Eimear Walshe. Hyland is looking forward to releasing a new album in May rooted in tradition, with tunes learned from his first teacher Bobby Gardiner. In addition, he has contemporary pieces, with music from Ross Chaney on drums and synthesizers.

Neil Ó Lochlainn, a recognized uilleann piper, multi-instrumentalist, and composer from County Clare. Lochlainn aims to develop a new language in contemporary music based on traditional Irish music. He is a co-founder and musical director of Ensemble Ériu (TG4 Music Award 2015). According to Martin Hayes, “Neil has an instinct and feel for different strands of music that allows him to create uncompromised musical worlds that speak with real depth and authenticity.”

Cuar explores the intersection of composition and Irish music with inspiration from Clare County music on one side and music from South India, West Africa, and contemporary experimental music on the other. Their albums Roscanna (2017) and Umhaill (2022) have been released. Their third album, Tairseach, will be launched on April 26th. In the concert on the 28th, they will perform pieces from each album, and indeed, a few tunes from County Clare. Ó Lochlainn will have the uilleann pipes and flute in hand, alongside Sam Comerford on saxophone and Ultan Ó Briain on fiddle and viola.

Muireann Ní Shé, a uilleann piper, multi-instrumentalist, and singer from County Cork, deeply rooted in Irish culture since childhood. In 2023, she released her debut album, Éistigh Liomsa Sealad, which features a unique blend of traditional music, sean-nós, and contemporary elements.

During the evening, Macdara Ó Faoláin from Ring in County Waterford will accompany on all instruments. He has been nominated as the Young Musician of the Year at the TG4 Music Awards this year. He has played with many skilled musicians such as Páraic MacDonnchadha, Derek Hickey, the Friel Sisters, Caoimhín and Seán Ó Fearghaíl, Nell Ní Chróinín, and Nuadán. His interest in ensemble playing and subtle technique blends traditional music with the bassoon.

Gliogar is a collective of artists and musicians who organize concerts, especially through Irish media and with contemporary Irish musicians. They are based in South Connemara.


What follows is Gliogar’s initial Irish language press release in full, which is a notable rarity these days.


Indreabhán, 28 Márta – Beidh oícheanta ceoil ar leith ar siúl i Seanscoil Sailearna, Indreabhán á chur i láthair ag Gliogar. ‘Siad ceoltóirí an chéad oíche, 28 Aibreán, ná Cuar (á stiúradh ag Neil Ó Lochlainn) agus Muireann Ní Shé.

Ar 2 Bealtaine, beidh an ceoltóir Albanach Brìghde Chaimbeul agus an Déiseach Seamus Hyland ag ceol sa Seanscoil. Tá siad uilig fréamhaithe sa traidisiún agus stíl a gceoil féin go smior acu. Beidh siad i dteannta lena mbuíonta féin a bhfuil an-tóir ar fud na tíre orthu. Beifear ag súil le scoth an cheoil Ghaelach ó shamhlaíocht na gceannródaithe seo. Beidh na doirse ar oscailt ó 7.30i.n agus tosnóidh an ceol ag 8i.n. Tá ticéid ar fáil trí gliogar.ie.

Casann Brìghde Chaimbeul, as Oileán Sciathanach na hAlban, ceol ar an bpíb bheag. Tá ceol Chaimbeul fréamhaithe sa Ghàidhlig, agus tá stíl faoi leith aici atá ag cur béim ar fhuaim shaibhir an chrónáin, fuaim domhnda an chruthaíonns mothú néaltach.

Is iomaí gradam atá faighte ag Chaimbeul, cuir i gcás Gradam BBC Radio 2 Young Folk, Gradam BBC Radio 2 Horizon agus in 2021 rinne sí léiriú ag oscailt COP26 os comhair rialtais an domhain. Tháinig a halbam is déanaí Carry Them With Us le Colin Stetson amach anuraidh, agus é ar an ngearrliosta do Ghradam Albam na Bliana na hAlban, agus léirmheanna air in The Guardian, The Irish Times, Stereogum agus Dazed & Confused. Tá sí le cloisteáil ar albam nua Caroline Polachek Desire, I Want To Turn Into You. Chomhoibrigh Brighde freisin le ceoltóirí ar fud na hAlban, na hÉireann agus níos faide i gcéin, ina measc Aidan O’Rourke, Radie Peat (Lankum), Gruff Rhys, Carlos Nunez, Ross Ainslie, Cormac Begley. Rinneadh píopaí Chaimbeul ag Fin Moore agus Hamish Moore.

Is ceoltóir, damhsóir & amhránaí é Seamas Hyland ó Chontae Phort Láirge atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath anois. Théis a bheith mar bhall den ghrúpa The Mary Wallopers ar feadh dhá bhliain, tá sé anois ag díriú ar a cheol féin. Tá baint aige le healaíontóirí ar nós John Francis Flynn, Isadora Epstein (drámaíocht), Acid Granny agus Eimear Walshe.

Tá Hyland ag súil le halbam nua a eisiúint i mí na Bealtaine atá bunaithe sa traidisiún ar foinn atá foghlamtha aige óna chéad mhúinteoir Bobby Gardiner. Anuas ar sin, tá píosaí comhaimseartha air, le ceol ó Ross Chaney ar na drumaí agus sintéiseoirí.

Is ceoltóir agus cumadóir aitheanta é Neil Ó Lochlainn as tuaisceart an Chláir. Tá sé de sprioc ag an Lochlannach forbairt a dhéanamh ar theanga nua sa gceol comhaimseartha atá bunaithe ar cheol traidisiúnta na hÉireann. Tá sé ina chomhbhunaitheoir agus stiúrthóir ceoil le Ensemble Ériu (Gradam Ceoil TG4 2015). Dar le Martin Hayes “Neil has an instinct and feel for different strands of music that allows him to create uncompromised musical worlds that speak with real depth and authenticity.”

Bíonn an grúpa Cuar ag plé idir thubchumadóireacht agus cheol na hÉireann le hinspioráid ón gceol as Contae an Chláir ar thaobh amháin agus ceol ón India Theas, an Afraic Thiar agus ceol comhaimseartha tobchumadóireachta ar an taobh eile. ‘Siad Roscanna (2017) agus Umhaill (2022) an dá albam atá eisithe acu. ‘Sé Tairseach an tríú albam a mbeidh seolta acu ar 26 Aibreán. Sa gceolchoirm ar an 28ú, casfaidh said píosaí ó ‘chuile albam agus, go deimhin, cupla port as Contae an Chláir. Beidh an olldord agus an fheadóg mhór idir láimhe ag Ó Lochlainn, agus ina theannta beidh Sam Comerford ar an sacsafón agus Ultan Ó Briain ar fhidil agus violá.

Is píobaire uilleann, il-ionstraimí agus amhránaí as Contae Chorcaí í Muireann Ní Shé atá fréamhaithe sa gcultúr Gaelach ó bhí sí óg. In 2023, d’eisigh sí a céad albam, Éistigh Liomsa Sealad, ar a bhfuil fuaimdhream ar leith cruthaithe aici ina dtagann an ceol traidisiúnta, an sean-nós agus gnéithe comhaimseartha le chéile.

Á tionlacan le linn na hoíche, ‘sé  Macdara Ó Faoláin ón Rinn i gContae Phort Láirge atá ina cheoltóir uil-uirlise. Tá sé tar éis a bheidh ainmnithe mar Cheoltóir Óg na Bliana Gradam Ceoil TG4 i mbliana. Is iomaí ceoltóir cumasach lena gcas sé ar nós Páraic MacDonnchadha, Derek Hickey, na Friel Sisters, Caoimhín agus Seán Ó Fearghaíl, Nell Ní Chróinín agus Nuadán. Músclaíonn a shuim i gcomhcheol agus a theicnící séimh stíle ar leith le ceol traidisiúnta a thionlacan ar an mbasúcaí.

Is cnuasach ealaíontóirí agus ceoltóirí iad Gliogar a chuireanns ceolchoirmeacha ar siúl, go háirid trí mheáin na Gaeilge agus le ceoltóirí comhaimseartha Gaelacha. Tá siad lonnaithe i gConamara Theas. Ba mhaith le Gliogar a mbuíochas a ghabháil le Ciotóg agus Comharchumann Shailearna Teo. as an tacaíocht uilig.

________


Hey, before you go...

Nialler9 has been covering new music, new artists and gigs for the last 18 years. If you like the article you just read, and want us to publish more just like it, please consider supporting us on Patreon.

What you get as thanks in return...

  • A weekly Spotify playlist only for patrons.
  • Access to our private Nialler9 Discord community
  • Ad-free and bonus podcast episodes.
  • Guestlist & discounts to Nialler9 & Lumo Club events.
  • Themed playlists only for subscribers.
  • Your support enables us to continue to publish articles like this one, make podcasts and provide recommendations and news to our readers.
Become a patron at Patreon!